Haigh a chairde
Níor scríobh mé GA le tamall fada níl a fhios agam cén fáth , bhuel sin ráite is dócha go bhfuil mé ag insint breaga tá a fhios agam, stad mé ag scríobh na GA's mar gheall ar an easpa suime a bhí iontu, tá a fhios agam gur scríobh cúpla duine orthu, ach caithfidh sibhse a admháil liom ar an ábhar seo. Aw bhuel is miste liom ar aon nós is breá liom bheith ag scríobh anseo. Ábhar eile a bhfuil barúil ar bith ag duine ar bith, ná faoin athrú atá ag tarlú anseo le tamall fada anuas, ó thaobh na daoine atá imithe , tá an post seo dírithe ag na daoine atá anseo le tamall fada agus na daoine a bhfuil sar-obair atá déanta acu leis na bliainta , ní scríobhfaidh mé ainmeacha ar bith, tá a fhios agaibh féin na daoine atá ar intinn agam. Ba mhaith liom mo bhuíochas a thabhairt do na daoine atá imithe agus chomh maith leis sin is fíor le rá go bhfuil an suíomh seo níos boicte gan iad. Níl mé ag gearán faoi na daoine atá anseo go fóil ach tá a mhalairt le rá agam , tá daoine maithe ann go fóil buíochas le Dia, agus bheadh an suíome seo marbh gan sibh a chairde Gael. Mar is gnáth nuair a chuirim tús GA ar bith ní bhíonn plean nó rud ar bith speisialta le rá agam , ach nuair a scríobhaim, tagann na smaointe de réir a chéile. Ba mhaith liom críoch leis na smaointe seo , tá mé ag súil nach bhfuil na daoine atá ar iarraidh ach ag glacadh sosa, agus go mbeidh siad slán sábháilte inár gcuideachta roimhe i bhfad le cuidiú Dé.
Ailéin





