Moderator: Moderators - Módhnóirí
| Author |
|---|
|
Is Mise Raifteirí an file,
Lán dúchais is grádh, Le súile gan solas, Le ciúnas gan crá. Ag dul síar ar m'aistear Le solas mo chroí Fann agus tuirseach Go deireadh mo shlí Féach anois mé Is mo chúl le bhfalla Ag seinm ceoil Do phócaí folamh ... an Droimeann Donn Dílis A dhroimeann don dílis, a shíoda na mbó, cá ngabhann tú san oíche is cá mbíonn tú sa ló? Bíonn mise ar na coillte is mo bhuachaill i m' chomhair agus d'fhág sé siúd mise ag sileadh na ndeor. Níl fearann, níl tíos agam, níl fíonta ná ceol, níl flatha i m' choimhdeacht, níl saoithe ná sló ach ag síoról an uisce go minic sa ló agus beathuisce agus fíon ag mo naimhde ar bord. Dá bhfaighinnse cead aighnis, nó radharc ar an gcoróin Sasanaigh a leidhbfinn mar a leidhbfinn seanabhróg tré chnocaibh is tré ailtibh, is tré ghleanta dubha ceo agus siú mar a shaorfainn mo dhroimeann donn óg. Ritheann fear buile trí thuile go dána, ach is minic thug tuile fear buile le fána
|
|
Ritheann fear buile trí thuile go dána, ach is minic thug tuile fear buile le fána
|

Registered users: Google [Bot], Google Adsense [Bot], MSN [Bot], relic5.2, Yahoo [Bot]