Irish Translation Forum

Ask for Irish Gaelic translations on this English to Irish, Irish to English translator forum.
Irish language translations given on this voluntary community site cannot be guaranteed to be correct. Always ask for a second or third opinion, especially for requests for tattoos, wedding rings, etc.

An Trucailin Donn

Ask for free Irish Gaelic translations. Community-based Irish English translator service.

Moderator: Moderators - Módhnóirí

Author Message
Post June 11 2009, 8:18 AM
nuada1
Anseo again
 
Posts: 18
''La Aonaigh San Earrach 's Me 'taisteal ''

An bhfuil fhios ag aon duinne an chuid eile don amhrán seo?

Can anyone please give me the lyrics of the above song? cant seem to find them anywhere and I want to teach it to my son.

Thanks in advance.
Always seek confirmation on translations.

Cosain an lag i gcoinne an láidir ainbheartaigh.

 
Post June 12 2009, 11:00 AM
Merryploughbhoy
Laoch na nGael
 
Posts: 1295
An Trucailín Donn

Lá aonaigh san earrach 's mé 'taisteal go triopallach,
Trasna an droichid i Muileann na hAbhann,
Sea chonaic mé Bobby gurbh ainm dó Thuigyme,
'S é ag druidim 'mo choinne go teann.

Agus óro bog liom í, bog liom í bog liom í,
Óro bog liom í an trucailín donn.
Óro bog liom í, druid liom í, corraigh í,
Óro bog liom í an trucailín donn.

Ba ghairid go bhfaca mé asal is trucail bheag,
Chugainn ar sodar faoi Mhícheál an Gabha,
Siúd leis an Bobby: "This cart has no signature,
Only a lingo I cannot make out!"

Agus óro bog liom í...

"Your name my good man, and answer right quickly now."
"Amharc ar an trucail, nó an bhfuileann tú dall?
Tá m'ainmse breacaithe i dteanga a thuigimse
Is fógraím tusa go hIfreann lom!"

Agus óro bog liom í...

"Ten shillings with costs or a fortnight's imprisonment,
Next on the list. Take this reprobate down!"
"Cuirtear faoi ghlasa mé feasta, a ghlagaire,
Pingin de m'sheilbh ní fheicfidh sibh ann."

Agus óro bog liom í...

Níl trucail gan ainm bhreá lacanta legible,
Gaeilge le feiceáil i Muileann na hAbhann
Agus ceardaithe an bhaile sea tugaid ar Thuigyme,
Fós ná "Trucailín Mhicín an Gabha".

Post June 12 2009, 19:26 PM
nuada1
Anseo again
 
Posts: 18
go raibh míle maith agat.
Always seek confirmation on translations.

Cosain an lag i gcoinne an láidir ainbheartaigh.



Who is online

Registered users: Bing [Bot], Exabot [Bot], Google [Bot], Google Adsense [Bot]