Irish Translation Forum

Ask for Irish Gaelic translations on this English to Irish, Irish to English translator forum.
Irish language translations given on this voluntary community site cannot be guaranteed to be correct. Always ask for a second or third opinion, especially for requests for tattoos, wedding rings, etc.

Monty Python agus an Gráil Naofa

Ask for free Irish Gaelic translations. Community-based Irish English translator service.

Moderator: Moderators - Módhnóirí

Author Message
Post January 15 2004, 1:17 AM
oisin718
Andúileach IGTF
 
Posts: 14098
Aistriúchán beag le hoisin718:

Dream: Cailleach! Cailleach! Tá cailleach againn! Cailleach!
Fear 1: Fuaireamar cailleach. Arbh fhéidir linn í a dhó?
Dream: Dóigh í! Dóigh!
Beidivír: Cén chaoi ar eol daoibh gur cailleach í?
Fear 1: Tá cuma chaillí uirthi!
Beidivír: Tugaigí i láthair í.
Cailleach: Ní cailleach mé! Ní cailleach mé!
Beidivír: Ach tá tú gléasta mar chailleach.
Cailleach: 'S iadsan a ghléas mar seo mé.
Dream: Níor ghléasamar!
Cailleach: Agus ní hé seo mo shrón ach ceann bréige!
Beidivír: Bhuel?
Fear 1: Bhuel, is rud go ndearnamar an tsrón...
Beidivír: An tsrón?
Fear 1: Agus an hata, ach is cailleach í!
Dream: Dóigh í! Cailleach! Cailleach! Dóigh í!
Beidivír: Ar ghléas sibh mar seo í?
Dream: Níor ghléasamar, níor ghléasamr, bhuel, gléasamar, beagán, beagáinín...
Fear 1: Tá faithne uirthi!
Beidivír: Céard a chuireanns in aigne dhaoibh gur cailleach í?
Fear 2: Bhuel, is díomsa a rinne sí earc!
Beidivír: Earc?
Fear 2: Tháinig biseach orm...
Fear 1: Dóigh ar aon chaoi í!
Dream: Dóigh í! Dóigh!
Beidivír: Bigí ciúin! Ciúin! Ciúin! Tá modhanna ann le haithint an cailleach í!
Dream: An bhfuil? Inis dúinn!
Beidivír: Inis dom: céard a dhéanann sibh le cailleacha?
Dream: Dóimid iad! Dóimid go hiomlán iad!
Beidivír: Agus céard a dhónn sibh taobh amuigh de chailleacha?
Fear 1: Cailleacha eile!
Fear 2: Adhmad!
Beidivír: Mar sin, cén fáth a ndónn cailleacha?
Fear 2: Toisc go..go bhfuil siad déanta d'adhmad?
Beidivír: Maith thú! Mar sin, cén chaoi a n-aithneoimís an bhfuil sise déanta d'adhmad?
Fear 1: Déan droichead di!
Beidivír: Ah, ach nach féidir leat droichid a dhéanamh de chloch freisin?
An dtéann adhmad faoi uisce?
Dream: Ní théann! Fanann sé ar uachtar! Caith isteach sa lochán í!
Beidivír: Céard eile a snámhann ar uachtar uisce?
Dream: Arán! Úlla! Clocha an-bheaga! Leann úll! Súlach! Silíní! Láib! Eaglaisí! Eaglaisí! Luaidhe! Luaidhe!
Rí Art: Lacha.
Dream: Ú!
Beidivír: Go beacht! Mar sin, go loighciúil...
Fear 1: Má tá sise cothrom ar meáchan le lacha, tá sí déanta d'adhmad.
Beidivír: Agus dá bhrí sin...
Dream: Cailleach! Cailleach!
Beidivír: Ceart go leor. Úsáidfimid na scálaí is mó agam!

 
Post January 15 2004, 1:30 AM
ÓBroin anFiach
Giostaire
 
Posts: 3630
I can read just a tiddle bit of it! Good on you Oisín!
Ní bheidh Éire shaor ar síocháin choíche, agus gan an ceart, ní féidir an tsíocháin a bheith ann.
Tomás Ó Broin
Learning Irish since October 2003

Post January 15 2004, 1:35 AM
Corvus93
Scéalaí Mór
 
Posts: 2279
Tom, you're light years ahead of me, but I'm positive it is brilliant!

C :wink:

Post January 15 2004, 1:41 AM
Méabh
Scríbhneoir d'Éigean
 
Posts: 23921
Are ye enjoying yer fíon dearg, Oisín?
Is é Christian Stoehr mo chroí
Dáta pósadh: 16 Deireadh Fómhair 2010

Post January 15 2004, 1:42 AM
oisin718
Andúileach IGTF
 
Posts: 14098
Yes, I am, my queen.

I LOVE kosher wine. It's sweet and yummy, just like candy, and it sure packs a whallop!

Post January 15 2004, 1:45 AM
Méabh
Scríbhneoir d'Éigean
 
Posts: 23921
It sure does!
Is é Christian Stoehr mo chroí
Dáta pósadh: 16 Deireadh Fómhair 2010

Post January 15 2004, 1:47 AM
oisin718
Andúileach IGTF
 
Posts: 14098
Whee! I'm flying!

Post January 15 2004, 1:48 AM
brunach
Getting Addicted
 
Posts: 37
Mo cheol thú !

Is maith liom an scannán sin. go han-mhaith.

Post January 15 2004, 14:14 PM
JSmith13
Scríbhneoir d'Éigean
 
Posts: 20540
Brilliant. How about, 'Tugaim marbh sibh' 'Ach, níl marbh mé' Is that right?
Beidh ár lá linn.......go luath!!

I'm a beginner. Wait for more input with my translations.

Image

Post January 15 2004, 15:30 PM
oisin718
Andúileach IGTF
 
Posts: 14098
FEAR NA CAIRTE:
Tugaigí amach bhur mairbh!
Tugaigí amach bhur mairbh!
Tugaigí amach bhur mairbh!
Naoi bpingine
Tugaigí amach bhur mairbh!
CUSTAMAEIR:
Seo dhuit ceann
FEAR NA CAIRTE:
Naoi bpingine
DUINE MARBH:
Níl mé marbh!
FEAR NA CAIRTE:
Cad?
CUSTAMAEIR:
Faic. Seo dhuit do naoi bpingine.
DUINE MARBH:
Níl mé marbh!
FEAR NA CAIRTE:
Haigh, deir sé nach bhfuil sé marbh.
CUSTAMAEIR:
Tá sé.
DUINE MARBH:
Níl mé!
FEAR NA CAIRTE:
Nach bhfuil sé?
CUSTAMAEIR:
Bhuel, is an-luath a bheidh sé. Tá sé an-tinn.
DUINE MARBH:
Tá biseach ag teacht orm!
CUSTAMAEIR:
Níl, beidh tú fíormharbh ar ball beag.
FEAR NA CAIRTE:
Ó, ní féidir liom é a ghlacadh mar seo. Is in éadan rialacha é.
DUINE MARBH:
Níl uaim a dhul sa chairt!
CUSTAMAEIR:
Ó, ná bí i do leanbán!
FEAR NA CAIRTE:
Ní féidir liom é a ghlacadh.
DUINE MARBH:
Mothaím go breá!
CUSTAMAEIR:
Bhuel, déan gar dhúinn!
FEAR NA CAIRTE:
Ní féidir liom!
CUSTAMAEIR:
Bhuel, arbh fhéidir leat fanacht anseo tamall beag? Ní bheidh sé i bhfad.
FEAR NA CAIRTE:
Ní féidir, tá orm a dhul ar na Roibeardaigh. Is naonúr a chaill siad inniu.
CUSTAMAEIR:
Bhuel, cathain a bheidh an chéad chuairt eile agat?
FEAR NA CAIRTE:
Déardaoin.
DUINE MARBH:
Ceapain go rachaidh mé amach ag siúil!
CUSTAMAEIR:
Níl tú ag mealladh duine ar bith, an dtuigean tú? Féach, nach bhfuil rud ar bith ann is féidir leat a dhéanamh?
DUINE MARBH: [singing]
Mothaím áthasach! Mothaím áthasach!
[whop]
CUSTAMAEIR:
Ah, go raibh míle maith agat!
FEAR NA CAIRTE:
Ná habair é. Feicfidh mé Déardaoin thú.
CUSTAMAEIR:
Ceart go leor!
[howl]
[Marcaíonn Rí Art agus Patsy thart]
[clop clop clop]
Cé hé sin?
FEAR NA CAIRTE:
Níl a fhios agam. Is dócha gur rí é.
CUSTAMAEIR:
Cén fáth?
FEAR NA CAIRTE:
Níl cac air ar fad.


Next

Who is online

Registered users: Alexa [Bot], Bing [Bot], Google [Bot], Google Adsense [Bot], hileantoir, Kensington1, Majestic-12 [Bot]