|
|
|
ART:
A sheanbhean!
DONNCHA:
Fear!
ART:
A fhir, brón orm. Cén ridire atá ina chónaí sa chaisleán úd?
DONNCHA:
Tá mé tríocha a seacht
ART:
Tá--cad?
DONNCHA:
Tá mé tríocha a seacht. Níl mé sean.
ART:
Bhuel, ní féidir liom “Fear” amháin a thabhairt ort!
DONNCHA:
Bhuel, b’fhéidir leat “Donncha” a rá.
ART:
Bhuel, ní raibh a fhios agam go raibh Donncha ort.
DONNCHA:
Bhuel, níor bhac tú leis a fháil amach, nach ea?
ART:
Bhuel, is rud go dúirt mé “brón orm” faoin “seanbhean,” ach taobh thiar diot--
DONNCHA:
Sin a bhfuil mise ina choinne ná gur gan smaoineamh ort féin a chuireann tú bail orm mar íochtarán
ART:
Bhuel, is rud gur mise an rí!
DONNCHA:
Ó, rí, eh? Go han-deas. ‘S cén chaoi a bhfuair tú é sin, é? Trí dhúshaothrú an lucht oibre! Trí choinneáil greime ar dhogma impiriúlach as data a bhuanaíonn na difríochtaí eacnaimíochta agus soisialta inár sochaí.
Má bheidh aon imeacht ar aghaidh--
BEAN:
A Dhonncha, tá brocamas breá thuas anseo! Ó! Dia dhuit!
ART:
Dia ‘s Muire dhuit, a bhean mhaith. Is mise Art, Rí na mBriotanach. Cé leis an caisleán úd?
BEAN:
Cé ar rí leo thú?
ART:
Na Briotanaigh
BEAN:
Cé hiad na Briotanaigh?
ART:
Bhuel, is sinne. Is sinne Briotanaigh go léir, agus is mise bhur rí.
BEAN:
Ní raibh a fhios agam go raibh rí againn. Cheap mise gur aonseilbh neamhspleách sinn.
DONNCHA:
Tá tú do do mhealladh féin. Is faoi dheachtóireacht atáimid: uathlathas féinbhuanaithe ina bhfuil na haicmí oibre--
BEAN:
Ó, is ansin a théann tú arís, ag tabhairt aicme isteach arís…
DONNCHA:
Ach sin is bun leis! Dá n-aithneodh daoine--
ART:
Le bhur dtoil, a dhaoine mhaithe! Tá deifir orm! Cé atá ina chonaí sa chaisleán úd?
BEAN:
Níl éinne ina chónaí ann.
ART:
Mar sin, cé hé bhur dtiarna?
BEAN:
Níl tiarna againn.
ART:
Cad?
DONNCHA:
Dúirt mé leat. Is común ainrial-siondacáiteach sinn. Tógaimid ar sealaíocht é chun gníomhú mar shaghas oifigigh fheidhmithigh na seachtaine…
ART:
Tuigim.
DONNCHA:
…ach ní mór do chuile shocrú an oifigigh sin a bheith daingniú i gcruinniú speisialta désheachtainiúil…
ART:
Feicim...
DONNCHA:
...ag tromlach simplí i gcás gnótha inmheánacha,...
ART:
Bí ciúin!
DONNCHA:
…ach ag tromlach dhá-thrian i gcás ábhair níos tábhachtaí…
ART:
Bí ciúin! Ordaím dhuit a bheith ciúin!
BEAN:
Ordaíonn sé? Cé a cheapann sé gur eisean, eh?
ART:
Mise bhur rí!
BEAN:
Bhuel, níor thug mise vóta ar do shonsa.
ART:
Ní vótálann tú ar son ríthe!
BEAN:
Bhuel, cén chaoi a ndearnadh rí díot?
ART:
Ba í Bean an Locha
[canann aingil]
...a géag ghléasta sa tsaimit chrithlonrach is glaine, a thóg in airde Eacscalabur as ucht an uisce, ag cur in iúl le Deonú Dé gur mise, Art, a iompróidh Eacscalabur.
[stadann an canadh]
Sin é an fáth ar mise bhur rí!
DONNCHA:
Éist liom. Mná aisteacha ina luí i locháin ag dáileadh claímhte--ní bun ar bith é sin do chóras rialtais! Faightear cumhacht iomlán fheidhmitheach ó shainordú an phobail, ní ó dheasghnáth scigdhrámata uisciúil éigin.
ART:
Bí ciúin!
DONNCHA:
Ní féidir leat a bheith ag súil le cumhacht iomlán fheidhmitheach a bheartú toisc gur chaith striapach uisciúil éigin claíomh ort!
ART:
Dún do bhéal!
DONNCHA:
Ciallaím, dá rachainnse timpeall ag rá gurb impire mé toisc gur labáil raiteog thaisithe simeatar ormsa, chuirfidís faoi ghlas mé!
ART:
Dún do bhéal! Dún do bhéal!
DONNCHA:
Ah, is anois a fheicimd an foiréigean inghreamaithe sa chóras!
ART:
Dún do bhéal!
DONNCHA:
Ó! Tagaigí ‘s feicigí an foiréagan inghreamaithe sa chóras! Cabhair! Cabhair liom! Táthar do mo chur faoi chois!
ART:
A thuathánaigh fhuiltigh!

