|
|
A bhuíochas ar Daltaí
Cheapas, gurbh idé mhaith í, iad seo a chur suas anseo mar bhfuilimid ag breith suas ar Nollaig le gach uile lá.
I thought it would be a good idea to put these up here seeing as we are getting closer to Christmas with each day.
Oíche Chiúin
Leagan Ghaeilge ó dán le Máire Áine Nic Gearailt
Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,
Cách 'na suan, dís araon,
Dís is dílse 'faire le spéis,
Naíon beag gnaoi-gheal, ceananntais caomh,
Críost, 'na chodladh go séimh,
Críost, 'na chodladh go sámh.
Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,
Aoirí ar dtús 'chuala an scéal;
Allelúia aingil ag glaoch,
Cantain shuairc i ngar is i gcéin.
Críost an slánaitheoir féin,
Críost an slánaitheoir féin.
Silent Night
Silent night, night of God's Son,
Everyone is a sleep, the Holy couple huddle together,
Obedient parents watchful with affection,
A small beautifully bright infant, blazing star, dear One,
Christ, gently sleeping,
Christ, peacefully sleeping.
Silent night, night of God's Son,
Shepherds first heard the news,
Angels calling Alleluia,
Gloriously chanting near and far,
Christ, the Saviour, Himself,
Christ, the Saviour, Himself.
Daidí na Nollag
Na Bunliricí le James Pierpoint. Cantar don fhonn Jingle Bells.
Bualadh bos, bualadh bos,
Buailimis go léir,
Tá Daidí na Nollag ag tíocth anocht
Anuas an simléar.
Ó, bualadh bos, bualadh bos,
Buailimis go léir,
Tá Daidí na Nollag ag tíocth anocht,
Anuas an simléar.
Tá'n Nollaig buailte linn,
Tá áthas insan aer,
Tá sneachta ar an talamh,
Tá réaltaí insan spéir.
Táimid ag dul a chodladh,
Is tá ár stocaí réidh,
Tá Daidí na Nollag ag tíocth anocht,
Anuas an simléar.
Ó, bualadh bos, bualadh bos,
Buailimis go léir,
Tá Daidí na Nollag ag tíocth anocht,
Ó, bualadh bos, bualadh bos,
Buailimis go léir,
Tá Daidí na Nollag ag tíocth anocht.
Father Christmas
Clap your hands, clap your hands,
Clap hands everyone (all of us),
Father Christmas is coming tonight
Down the chimney. .
Clap your hands, clap your hands
Clap hands everyone (all of us),
Father Christmas is coming tonight
Down the chimney.
Christmas is coming near us,
Joy is in the air,
Snow is on the ground,
Stars are in the sky,
We are going to sleep,
Our stockings are ready,
Father Christmas is coming tonight,
Down the chimney.
Clap your hands, clap your hands,
Clap hands everyone (all of us),
Father Christmas is coming tonight
Clap your hands, clap your hands,
Clap hands everyone (all of us),
Father Christmas is coming tonight.
~~~~~~
Ráithe
Téann an saol thart mar a bheadh eiteoga air, agus cuireann gach aon Nollaig bliain eile ar do ghualainn.
Life goes by as if it had wings, and every Christmas puts another year on your shoulder.
Lá Nollag go péacach is Lá Fhéile Stiofáin ag iarraidh déirce.
A showy Christmas Day and begging on the Feast of St Stephan.
Bia is deoch i gcomhair na Nollag; éadach nua i gcomhair na Cásca.
Food and drink for Christmas; new clothes for Easter.
Seacht seachtaine ramhra ó Shamhain go Nollaig.
Seven full / long weeks from Sahmain until Christmas.
Putóga dubha na bliana, ó Nollaig go Lá Fhéile Bríde.
The darkest part of the year, from Christmas until the Feast of St. Bridgit.
Ráithe ó Nollaig go Féile Phádraig.
Three months from Christmas until the Feast of St. Patrick.
Nollaig ghlas, reilig mhéith.
A green Christmas, a fat graveyard.
Samhradh gach síon go Nollaig.
Each summer stormy weather until Christmas.
Nollaig ghrianmhar a dhéanann reilig bhiamhar.
A sunny Christmas makes an abundant graveyard.
Is úr iad broibh go Nollaig.
The dead season really begins at Christmas.
Ráithe ó Fhéile Mhichíl go Nollaig.
Three months from the Feast of St. Michael until Christmas.
Tuar maith don athbhliain na píobairí teallaigh a chloisteáil Lá Nollag.
It is a good omen to hear a cricket on Christmas Day.
An Nollaig in aghaidh na ráithe.
Christmas for three months.
Is maith an bhliain a dtig Nollaig i dhús gealaí.
The year is good when Christmas comes during the first phase of the moon.
Aifreann na Gine, Aifreann agus fiche.
Midnight Mass (on Christmas Eve), Mass and twenty.
I ndiaidh na Nollag tagann an Carghas.
After Christmas comes Lent.






