|
|
|
oisin718 wrote:Wait a minute...
Dhéanfainnse obair clóis go háthasach dá gciallaíodh sé nach raibh orm a dhul ar an bpraiseach seo...
Más buan mo chuimhne, bhí i nGaeilge cuirim i gcás seo.....
Moderator: Moderators - Módhnóirí
| Author |
|---|
|
Más buan mo chuimhne, bhí i nGaeilge cuirim i gcás seo..... |
|
|
|
|
Fan go bhfeicfidh mé céard atá air siúil an deireadh seachtaine seo. – caitheamh mé an teach a ghlanadh, mar tá me ag súil le cuairteoirí tráthnonna Dé Sathairn. Beidh mé ag réiteach béile beag agus tá sheans maith go mbeidh muid ag caint agus ag cur síos píosa deas do n’oiche.
Dé Domghnaigh, rachadh mé ag an aifreánn, agus, má bhíonn an lá go deas (tá súil agam) – rachaidh mé síor air Chastle Island agus caithfidh mé scaitheamh ansin. Agus sin sin, Dia dhá réiteach, nach bhfuil an deireadh seachtaine caitheamh sula thosaigh sí ar chuir a bith! Tá súil agam go mbeidh am deas agaidh uilig! |
|
Bhuel, a chairde, ní fada go mbeidh deireadh na seachtaine eile sínte amach romhainn. Cé nach bhfuil rud ar bith ró-shuimiúil i ndán dhom (scéal mo shaoil), bheadh sé chomh maith agam an scéal suarach a roinnt libh.
Dé hAoine: Beidh orm leanúint le mo chuid oibre amach go maith sa tráthnóna ("i seilbh meirleach", mar a dúradh san amhrán). Nuair atá mo chuid oibre críochaithe agam, beidh deoch draíochta agam chun suan a mhealladh orm. Dé Sathairn: Beidh mé gaibhnithe i mbeairic ar feadh an lae. Ar a laghad, ní bheidh mé i m'aonar agus déanfaidh mise agus mo chomrádaí bídeach spórt dá chéile. Breathnóidh muid ar cláir den scoth m.s. "Tec an Tarracóir", "Elmo Anseo" agus "Ros na Rún" agus éistfidh muid le "Seó Beo an tSathairn" ar an raidió. Dá mbeadh lá galánta ann, bheadh muid amuigh faoin spéir ag crú na gréine - ach ní hamhlaidh a bheas - is annamh a thiteann an mhíorúilt sin amach san áit seo. San oíche, beidh mise,le dream cairde, ag tabhairt cuairte ar phroinnteach Indiach. Dé Domhnaigh: Beidh iallach orm freastal ar chéad Chomaoineach mara féidir liom fáth sochreidte a chruthú chun í a sheachaint............hmmm... seans nach n-aontóidh an curaí liom. Céard fúibh fhéin, a chairde - an mbeidh rudaí níos spéisiúla ar siúl agaibhse......ní fheadar céard é an Ghaeilge ar "vicarious"! |
Registered users: Bing [Bot], Google [Bot], Google Adsense [Bot], Majestic-12 [Bot]