Guthán Samsung ag teacht as Gaeilge

Samsung

Don chéad uair riamh, beidh guthán póca ar fáil le rogha teangan Gaeilge san áireamh. “Tocco” sea ainm an ghuthán, le scáileán tadhaill aige mar a bheadh an iPhone.

Tá an T9/téacsáil thuarthach ar fáil as Gaeilge, chomh maith leis na roghchláir ar fad as Gaeilge.

Dár le Silicon Republic, beidh an Tocco ar fáil ar an 1ú Iúil 2008.