
Níl an méid sin foclóir Gaeilge ar fáil ar líne. Tá Focal.ie, An Foclóir Beag, agus EnglishIrishDictionary.com, mar shampla.
Breis is bliain ó shin, thosaigh mé ag smaoineamh ar conas a oibreodh foclóir chomhoibritheach (collaborative) cosúil le Wiktionary.
Rud ionntach faoi fhoclóir chomhoibritheach ná gur féidir leis a bheith dínimiciúl. Is féidir leis an réimse focal a bheith i gcónaí ag méidiú, agus a bheith suas-chun-dáta le h-úsáid an lae inniu. Faraor, tá na foclóir seo thuas dúnta don phobail. Ní féidir cur leo. Níl siad ag bainnt úsáid as chumhacht lucht na Gaeilge ar an Idirlíon. Níl foinse na bhfoclóir ar fáil le híoslódáil. Is eisceacht é Wiktionary, ach níl sé éascadh le cuardach shimplí a dhéanamh air, dár liomsa.
Tá fadhbanna ag bainnt le “foclóir wiki” chomh maith. Tá sé beagnach dó-dhéanta ceann a fhorbairt le h-ard chaighdeán foclóir cló. Gan bunachar sonraí éigeann le tosú leis, bheadh an foclóir follamh ó thús. Ach is féidir deighleáil le seo.
Agus mar sin, cuirim ós bhur gcomhair Foclóir Gaeilge.ie. Seo é an manifesto a mbeidh ag bainnt leis:
- Cuardach shimplí.
- Eagraíocht shimplí.
- Oscailte do chách.
Ba bhreá liom bhur smaointe a chloisteáil.