Chas mé le Justin McCubbin in Ollscoil Luimnigh i Mí na Nollag 2007. Iarchéimí dochtúireachta sa sochtheangólaíocht é san Ollscoil, ag staidéar inimiricigh in Éireann a bhfuil an Ghaeilge in úsáid acu. Ar bealach, is inimirceach é Justin fhéin – is Meiriceánach é ó Baltimore, Maryland, agus Gaeilge Chonamara den scoth aige. Bhí suim agam labhairt leis mar gheall ar a chuid Gaeilge, agus a chuid oibre.
