Polasaithe teanga, an Ghaeltacht, agus gaeilgeoirí le líofacht lofa!
D’fhreastail mé ar léacht (as Béarla) le Dr. Tadhg Ó hIfearnáin le déanaí in Ollscoil Luimnigh. A cheist a bhí idir láimhe aige ná: “The Death of the Gaeltacht? Irish language policy, language planners and the community”.
Don chuid is mó, dár leis féin, tá polasaithe teanga an Rialtais ag cabhrú le héag an Ghaeltachta.
Roimh lár an 19ú aois, bhí an chuid is mó de phobal na hÉireann aon-teangach. Dá bhrí sin, bhí deighilt sóisialta agus eacnamaíochta idir na Gaeilgeoirí agus Béarlóirí.
Le bunú an Saorstáit, bhí 18% den daonra le Gaeilge amháin acu. Bhí pobail le Gaeilge acu i 20 de na contaetha.
Dár le Tadhg, níor cuireadh pobail na Gaeltachta san áireamh i bpolasaithe teanga an Rialtais le 80 bliain anuas.