Gaeilge i bpáipéar nuachta Slóivéineach

Gaeilge i gcrosfhocal Slóivéineach

Agus mé i Maribor sa tSlóivéin an uair deirneach, thaispeáin athair mo bhean chéile é seo dúinn. Is leid é i gcrosfhocal sa pháipéar nuachta Slóivéineach Večer.

An fhreagra ná “INIS” (mo bhaile dúchais), agus an leid a thugtar ná gurb é seo príomh bhaile Co. an Chláir in Éirinn (a.k.a. Ennis). Caithfidh gur aimsigh siad seo agus iad ag lorg míniú le “inis” toisc go raibh orthu an spás a líona.

Fós féin, b’ait an rud é le feiceáil!

Taifid fíor-Ghaeltachtaí 1928-1931

Lean mé an nasc seo le buíochas le Danny2007 ar an bhfóram.

I gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann tá taifeadtaí de chainteoirí dúchasacha Gaeilge a rinneadh timpeall na tíre idir 1928 agus 1931 á gcur ar fáil don phobal ar an leathanach seo ag Lá Nua.
Is féidir éisteacht anseo le taifeadtaí a rinne teangeolaí Gearmánach, an Dr Wilhelm Doegen, ar chainteoirí dúchasacha Gaeilge as:

Continue reading