Blog na Gaeilge » agallamh

Agallamh le Justin McCubbin: iarchéimí, Gaeilgeoir agus cartagrafadóir
Chas mé le Justin McCubbin in Ollscoil Luimnigh i Mí na Nollag 2007. Iarchéimí dochtúireachta  sa sochtheangólaíocht é san Ollscoil, ag staidéar inimiricigh in Éireann a bhfuil an Ghaeilge in úsáid acu. Ar bealach, is inimirceach é Justin fhéin – is Meiriceánach é ó Baltimore, Maryland, agus Gaeilge Chonamara den scoth aige. Bhí suim agam labhairt leis mar gheall ar a chuid Gaeilge, agus a chuid oibre.

“Bhí an Ghaeilge mar chaitheamh aimsire agam i gcónaí. Bhí suim agam i dteangachaí go ginearálta. Duine de shliocht na hÉireann mé, cosúil le an-chuid Meiriceánach, i dteannta le cúlraí eile freisin. Maidir leis an teanga, ní cuimhin liom conas a chuala mé faoi den chéad uair. Caithfidh go raibh mé an-óg.”

Thosaigh Justin ag foghlaim na teanga agus é 10 mbliana d’aois ag bainnt úsáid as leabhair, caiséid agus dlúth dhioscaí. Rinne sé féin-teagasc ar feadh seacht nó ocht mblianta. Bhí sé ag éisteacht le RnaG ar an Idirlíon, agus ag ceannach úrscéalta agus gearrscéalta ar Litriocht.com, slr.

Tháinig sé go hÉireann don chéad uair riamh agus é 18 bliana d’aois le freastail ar dian-chúrsa teanga sa Cheathrú Rua i gConamara. Chaith sé an mí le teaghlach áitiúl. Faoin am seo, fiú, bhí Gaeilge maith aige. Roimhe seo, níor chuala sé an Ghaeilge á labhairt mar theanga phobail riamh. Ach, “leis an bhféinteagasc roimh ré, bhí mé réasúnta líofa tar éis an chúrsa seo … Bhí mé in ann gnáthchumarsáid a bheith a’am le muintir na Gaeltachta gan a bheith ag cur isteach ar an gcomhrá.” Is léir gur neartaigh sé a blas Chonamara agus é ann freisin.

Tar éis é seo, chaith sé samhradh ag obair don eagras charthannach Díseart sa Daingean, agus ansin chríochnaigh sé a chéim tíreolaíochta i Meiriceá. Chaith sé dhá bliana ag obair don ghárda chósta Meiriceánach mar chartagrafadóir (éist le hagallamh Justin, ag plé seirbhísí léarscáile ar an Idirlíon leis An Imeall). Ach ní raibh sé lán-sásta, agus rinne sé léimt mór sall go hÉireann le bheith mar iarchéimí, rud ar lig dó an Ghaeilge a bheith mar chuid mhór dá shaol – mar ghairmbeatha fiú.

Nuair a chloiseann Éireannaigh go bhfuil an Ghaeilge ag Justin fhéin, freagraíonn siad le h-ionntas. “Freagra an-choitianta a fhaighim ná, ‘Ó, cuireann tú náire orainn’. Sin é an freagra is measa ar domhan”, dár leis. Deirim le Justin go bhfuil sé ag cuir náire orm fhéin leis a chuid Gaeilge den scoth. D’fhreagair sé, “Ach ná habair é sin! Tá a fhios a’am go bhfuil daoine ag iarraidh mé a mholadh. Ach an bhrí atá leis ná go bhfuil mé ag cur náire ar an duine sin go fírinneach, rud a fhágann go mb’fhéidir gurbh fhearr éirí as a bheith ag labhairt Gaeilge leis sa gcaoi is nach gcuirfidh mé a thuilleadh náire air”.

Sa lá atá inniu ann, tá staidéar ar bun aige ar inimircigh le Gaeilge acu. Fiafraím dhó ar muintir na Gaeltachta. “Déarfainn go bhfuil muintir na Gaeltachta i bhfad níos cleachtaithe ar dhaoine a bheith ag teacht isteach ón taobh amuigh agus Gaeilge acub ná daoine as an nGalltacht. Do mhuintir na Gaeltachta, is teanga an phobail í an Ghaeilge. Ní cúis iontais dóibh chomh minic céanna go mbeadh an dream nua seo á labhairt.”

Ar ndóigh, tá barúil aige faoi thodhcaí na Gaeilge. “Tá daoine ar comhaois linne agus níos óige ná muide ag éirí as a bheith ag labhairt Gaeilge. Más é sin an treocht, diabhal todhchaí a bheas ann. Ach níor cheart a bheith ag brath ar mhuintir na Gaeltachta amháin leis an nGaeilge a shábháil.” Fiafraím dó cad a mheasann sé faoi Gaeltachtaí nua i gcathracha na hÉireann, agus tá freagra simplí aigese. “Tá mise go mór i bhfábhar aon iarracht chun an Ghaeilge a chur chun cinn, chibé cén áit.”

Don todhcaí ní dóthain é toil na daoine le cabhrú leis an Gaeilge. “Ní leor toil amháin, ach gníomh an phobail chomh maith. Castar an oiread sin daoine orm a deir ‘Ó, trua nach bhfuil an Ghaeilge agam, ba bhreá liom dá mbeadh an Ghaeilge agam’. Is é mo fhreagra féin ná gabh amach agus foghlaim í mar sin! Éirigh as an tseafóid agus déan rud eicínt faoi. B’fhéidir go bhfuil dea-thoil ann don Ghaeilge, ach níl mórán daoine sásta dul i mbun gnímh.”

Ach tá an droch-mheon ag aithriú. “Tá an Ghaeilge ag éirí níos ‘faiseanta’, b’fhéidir, i measc na ndaoine óga – ach i measc daoine óga taobh amuigh den Ghaeltacht. I measc mhuintir óg na Gaeltachta féin tá sé fós ‘uncool’, de réir mar a thuigim.”

“Thar lear, tá an-bhorradh go deo faoin nGaeilge. Tá an-spéis ag daoine thar lear sa nGaeilge. Ní hé lucht diaspóra na hÉireann amháin atá i gceist. Tá cúrsaí ollscoile, agus chuile shórt ann.” An féidir le seo cabhrú leis an teanga in Éirinn? “Is féidir, má tá a fhios ag na hÉireannaigh faoi. Freisin … níl aon rud chomh comhaimseartha céanna leis an inimirce in Éirinn … agus sílim go ngabhfadh sé chun leasa na Gaeilge dá mbeadh ról dearfach le himirt ag an teanga sa bpróiseas sin.”  Measainn sé freisin gur cheart go mbeadh cúrsaí teanga saor in aise d’inimircigh.

Tar éis do Justin cúpla bliain a chaitheamh anois in Éirinn, is cuid nádúrtha í an Ghaeilge ina shaol laethúil. Mar focail scoir, fiosraím do Justin an bhfuil sé le fanacht in Éirinn don fad théarma. Ba bhreá leis dóthain ama a chaitheamh in Éirinn leis a shaoránachta a bhaint amach. Beidh sé ina Mheiriceánach go deo, mar a deir sé, ach pé áit a mbeidh sé sa todhcaí, tá fonn air an Ghaeilge a bheith mar páirt de sin.