An Bord Gosh, agus m’fhadaí
Ní hé seo gearrán faoin bhfocal “gás”.
Ach bhíos ar an nguthán leis an mBord Gáis inniu. Bhí uaschamóg acu i m’ainm ar an mbille:
“O’ Conchuir”
D’iarras ar an mbean ar laghad an uaschamóg a bhainnt de, agus d’fhiosraigh mé an bhféadfadh sí (bḣíos ag iarraidh a bheith go deas) m’fhadaí a scríobh isteach.
“Oh, we can’t do that!“, agus í ag gáire léí.

Cormac Ó Donnghaile said,
April 7, 2009 @ 1:35 pm
Dia leat le d’fhadaí,
Is é seo an chrá is mó croí a bhíos agam agus mé ag plé le dreamanna Stáit agus eile ó thuaidh anseo, ach más olc mo chás-sa, is measa arís dream sa tSaorstát cosúil leis an Bhórd Gáis!! Is scannal é seo go mbíonn na deacrachtaí seo againn, nó níl méarchlár feicthe agam go fóill nach bhfuil in ann na fadaí a láimseáil. Tá mé féin tinn a bheith ag iarraidh seo a mhíniú do dhreamanna abhus anseo ach níl leithscéal ar bith a leithéid seo a bheith amhlaidh ag eagraíocht Stáit ó dheas!!