In the name of M’fhadaí
Bhí olc ar dhaoine le Nó Béarla an bhliain seo chaite. Agus tá olc ar dhaoine le Nó Béarla II. Aontaíom le an-chuid den chaitheamh anuas seo ar Mhancháin. Ach fós féin, tá an chonspóid go maith don teanga.
Agus tá roinnt rudaí a deireann sé go n-aontaíom leo, fiú! Mar shampla, an fada. Bhí Daire Ó Briain bocht tuirseach á ionsaí ag Manchán faoin síneadh fada atá ar a shloinne. Tá cónaí ar Daire sa Bhreatain. Liomsa i mo chónáí in Éirinn, sílim nach bhfuil mórán measa ar an dhá fada i m’ainm. Bhíos scanraithe iad a “bhrú” ar dhaoine. Thosaíos á fhágaint ar láir iad agus mé ag litriú m’ainm thar an guthán.
Ag an am chéanna, is fua liom nuair a scríobhann daoine an uas-choma ar mo shloinne.Thrialas troid ar ais cúpla seachtain ó shin. Fear a oibrím leis, d’iaras air m’ainm a scríobh le fadaí i gcóir foilsiúcháin poiblí. “Jesus”, a dúirt sé go hionsaithe. “Now you’re demanding fadas?”.
In ainm m’fhadaí, táim le troid ar ais. Tá mé le m’ainm a litriú leis an dhá fada agus mé ar an ghuthán. Agus tá mé le rá leis AIB an uas-choma sin a bhaint.

Dónal Breathnach said,
April 17, 2008 @ 2:58 pm
Is breá liom an síneadh fada d’fheiscint agus a úsáid. Tar éis breis agus 30 bhliana anseo i Sasana, tá sé fós liom (d’ainneoin go bhfuil mo chuid Gaeilge lag anois) .
Cad as Dara é féin, dála an scéil? Cá raibh sé ar scoil? Tá sé an-ghreannmhar ar fad - agus cliste comh maith. Is breá liom é d’fhesicint ar an dteilifís.
Ar aon nós tá áthas orm go bhfuil daoine ag labhairt faoin Gaeilge! Lean ar aghaidh, mar sin.
stwidgie said,
May 1, 2008 @ 2:32 pm
Nach gránna é, do shloinne a chloisteáil go mícheart?
Níl aon fada ar mo shloinne (Reshkin), ach bím cuíosach ceartaiseach nuair atá a litriú nó a fhuaimniú i gceist. Ní Rushkin nó Reschke nó Reskin nó Rashim nó Redskin mé (ní bréag í, scríobhadh mar sin é sa nuachtán áitiúil, fiú tar éis a thug mé me mo chárta gnó don tuairisceoir!). Agus an rud céanna le sloinne mo fhéar céile. Ní Reagan nó Oregon é, seachas O’Regan (Ó Riagáin as Gaeilge, is dóigh liom).
Maith thú - bí ag chosaint do shloinne.