Gabh mo leithscéal. Cá bhfuil an “Ghaeltacht” seo?
Tá mé ag stánadh amach ar an Aitleantach. Díreach ós mo chomhair, tá an cladach, agus taobh liom tá páirceanna clochacha. Cúpla míle taobh thiar díom, tá an Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Scór míle eile, agus shriochfinn an Spidéal.
Ar maidin, shiúlas isteach i siopa áitiúl sa Leitir Mhóir. “Dia dhuit”, arsa mé fhéin, “Lotto quick pick, le do thoil”. “The four euro one?”, a deir an cailín óg go géar. “No”, a deirim léí, “just an cheann is saoire”. “The one without Lotto plus?”, a deir sí go pusach, agus freagraím le leath sméadach cinn. Bhíos ag ceannach gróiséirí eile chomh maith. “That’s seven euro”.
Inné, thárla sé go raibh mé ag an oscailt oifigiúl d’fhoirgneamh nua ar Oileán Gharma, in aice leis an Leitir Mhóir. Bhí cúpla chéad duine ann, an tAire Ó Cuív ina measc. Bhí roinnt Béarla le cloisteáil ann, ach an Ghaeilge den chuid is mó. Bhí na leanaí bídeacha ag screadaíl ar aghaidh as Gaeilge tapaidh.
Táim ag múineadh san fhoirgneamh chéanna, as Gaeilge. Tá triúr fhear, ina ficheidí, agus bean píosa níos sine. Daoine áitiúla is ea iad uiligh. Agus ón méid ar chuala mé, bhí na trí lads ag labhairt as Béarla le chéile, agus as Gaeilge leis an mbean. Tá Gaeilge dhúchasach acu uiligh. Deireann siad roinnt rudaí as Béarla agus iad ag labhairt as Gaeilge - díreach mar a dhéanaimse fhéinig.
Ní thuigim seo i gceart! Cad a bhfuil ag tárlúint sa phobal seo? An bhfuil aon rud ag tárlúint, nó é seo mar atá sé agus mar a bheidh sé? An mbeidh meascadh iomlán teanga sa cheantair go deo? Nó an bás mall teangainn atá ag tárlúint?


Maidhc said,
March 4, 2008 @ 1:57 am
Tuigim go bhfuil imn ort faoi; ní thuigim mé fhéin é agus déanaim triail Gaeilge gan Béarla ar chor ar bith a labhairt.
Go raibh maith agat as ucht do scéal.
Mise le Meas,
Maidhc