Taifid fíor-Ghaeltachtaí 1928-1931
Lean mé an nasc seo le buíochas le Danny2007 ar an bhfóram.
“I gcomhar le hAcadamh Ríoga na hÉireann tá taifeadtaí de chainteoirí dúchasacha Gaeilge a rinneadh timpeall na tíre idir 1928 agus 1931 á gcur ar fáil don phobal ar an leathanach seo ag Lá Nua.
Is féidir éisteacht anseo le taifeadtaí a rinne teangeolaí Gearmánach, an Dr Wilhelm Doegen, ar chainteoirí dúchasacha Gaeilge as:“
- Aontroim
- Doire
- Tír Eoghain
- An Cabhán
- Ard Mhacha
- An Lú
- Liatroim
- Sligeach
- Ros Comáin
- An Clár
- Tiobraid Árainn
Éist leis na Gaeltachaí mairbhe seo ar Nuacht.com. Tá suim ar leith agamsa sa taifead ó Cho. an Chláir, rud nár chualas ríamh. Ba é an ré seo an ré dheireanach d’fhíor dhúchasaigh, dár leis an Dr. Tadhg Ó hIfernáin.
