Polasaithe teanga, an Ghaeltacht, agus gaeilgeoirí le líofacht lofa!
D’fhreastail mé ar léacht (as Béarla) le Dr. Tadhg Ó hIfearnáin le déanaí in Ollscoil Luimnigh. A cheist a bhí idir láimhe aige ná: “The Death of the Gaeltacht? Irish language policy, language planners and the community”.
Don chuid is mó, dár leis féin, tá polasaithe teanga an Rialtais ag cabhrú le héag an Ghaeltachta.
Roimh lár an 19ú aois, bhí an chuid is mó de phobal na hÉireann aon-teangach. Dá bhrí sin, bhí deighilt sóisialta agus eacnamaíochta idir na Gaeilgeoirí agus Béarlóirí.
Le bunú an Saorstáit, bhí 18% den daonra le Gaeilge amháin acu. Bhí pobail le Gaeilge acu i 20 de na contaetha.
Dár le Tadhg, níor cuireadh pobail na Gaeltachta san áireamh i bpolasaithe teanga an Rialtais le 80 bliain anuas.
Idir 1926 agus 1956 bhí suas le 14 sainmhíniú leis “An Ghaeltacht”. Bhí sé in ainm is a bheith ag aithriú go leanúnach. Bhí an tír deighilte mar an Ghalltacht, an breac-Ghaeltacht agus an fíor-Ghaeltacht.
An aidhm oifigiúil a raibh ann I gcónaí ná an tír a bheith aon-teangach (teanga na Gaeilge). Ar ndóigh, níor tharla a leithéid!
I 1956 bunaíodh Roinn na Gaeilge. Le sin, bhí orthu teorann dlíthiúil don Ghaeltacht a leagadh amach. Ach ní raibh an teorainn seo bunaithe go díreach ar úsáid na teanga. Cuireadh san áireamh cuideanna den Ghalltacht, agus ag fágaint ar láir Gaeilgeoirí a raibh ar an imeall.
Mar shampla, i Múscraí in iarr-Chorcaí tá baile fearainn amháin sa Ghaeltacht fós sa lá atá inniu ann toisc go raibh beirt Gaeilgeoir ina chónaí ann. Ach d’imigh an beirt go tigh altranais i 1965.
Inniu, dár le Tadhg, tá muintir na Gaeltachta ag iarraidh sochaí dhá-theangach. Bheadh eagla orthu mura raibh an Béarla ag a leanaí. Tá polasaithe na Rialtais fós ag cuir aon-teangachas mar aidhm acu (ar laghad go hoifigiúil). Níl seo ag oibriú. Níl Gaeltachtaí láidire ann le 20 nó 25 bliana anuas, agus tá an breac-Ghaeltacht imithe.
Ní oibreoidh polasaithe a thriallann an teanga a tharraingt ar ais sa stair. Ní foláir bogadh chun tosaigh, leis an teanga a choimeád beo, a deir Tadhg.
Dár leis, tá fós go leoir daoine óga le Gaeilge ‘líofa’ acu – ach tá an Ghaeilge atá acu lofa! Measainn sé gur staid báis é seo don teanga, ní saghas créole atá ann.
Is Gaeilgeoir mise le Gaeilge lofa. Ach ní bhreáthaím go bhfuilim mar cuid de bhás an teanga!
Dár liom féin, beidh todhchaí na teanga ar fud na tíre, ní amháin sa Ghaeltacht. Tá cathracha na hÉireann ina nGalltacht le céadta blianta anois. Caithfimid an Ghaeilge a chuir chun chín i ngach áit, agus ar ndóigh tá an Ghaeltacht ina páirt tábhachtach de sin.
Veronique said,
December 20, 2007 @ 9:55 pm
Dia dhuit,
Ta ceist agam faoi m’ainm i nGaeilge. Bhi me ag cuimhneamh an bhfuil aon ainm mar Veronique/ Veronica sa teanga seo? Is Polannach me agus ni raibh me riamh in Eirinn ach ta me ag foghlaim Gaeilge ar feadh cupla blian anuas. Is doigh liom go bhfuil an teanga seo go hiontach! Slan,
-Veronique
Eoin said,
December 21, 2007 @ 9:49 am
Bhfuel, ainm amháin a thagann chugaim ná “Fetán”.
Damhnait Nic Enri said,
February 7, 2008 @ 2:40 pm
An bhuil aon club as Gaeilge mas mian liom labhairt idirline ta me in mo chonai sa phorttugal.go raibh maith agat.
Eoin said,
February 7, 2008 @ 3:14 pm
A Dhamhnait,
tá roinnt suíomh Idirlín: